Ar Seachrán ó Thuaidh

N 56° 57' W 07° 29'

Bád de Chineál Eile

July 08, 2009

Bhí sé socraithe agam go dtiocfainn abhaile go hEirinn roimh dheireadh an turais báid (le cead ón scipéir, ar ndóigh). Thapaigh mé an deis agus chuaigh mé i dtír go luath ar maidin. Ní raibh am agam an bricfeasta féin a chaitheamh ar bord. Bhí deifir chun farraige ar na mairnéalaigh agus bhí breis díosail le tógáil ar bord acu. Chaith mé roinnt ama ag iarraidh dul i dteagmháil leis an aerfort ar an bhfón ach sa deireadh d’éirigh mé as agus chuaigh mé amach ann ar an mbus. Bhí na seolta crochta ar Ar Seachrán agus iad ag seoladh amach an cuan nuair a bhí an bus ag déanamh a bhealaigh chuig an aerfort. Is gleoite an t-oileán é Barra, tránna móra fairsinge agus dumhcha gainimh air. Is ar an Tráigh Mhór i dtuaisceart an oileáin atá an t-aerfort agus is ar an ngaineamh féin atá an rúidbhealach (3 cinn éagsúla, marcáilte le cuaillí). Níl ach aerfort amháin eile sa domhan ina bhfuil a leithéid seo – Fraser Island san Astráil. Bíonn an clár ama ag brath ar an taoide agus clúdaíonn an fharraige an trá ag an lán mhara. Bíonn muintir na háite ag baint ruacan ar an trá agus nuair atá eitleán le tuirlingt nó le héirí ón talamh – crochtar cochall gaoithe chun fógra a thabhairt dóibh.  Is Twin Otter le 16 suíochán an t-eitleán a mbaintear leas as. Chaith mé píosa den lá san aerfort sular imíomar ar deireadh i lár an tráthnóna agus thugamar ár n-aghaidh ar Ghlaschú.

Shroich Ar Seachrán tuaisceart Mhaigh Eo trí lá ina dhiaidh sin agus bhí fuireach calaidh orthu sa Bhaile Glas agus iad buíoch de Shell as múráil a chur ar fáil dóibh.  

previous entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.