Ar Seachrán ó Thuaidh

N 57° 26' W 06° 34'

Go Sgitheanach Linn

July 06, 2009

Nuair a chuimhním air, chaitheamar roinnt mhaith ama sna buncanna, ag ligint scíthe agus ag déanamh néal codlata. Bhí lá eásca eile againn agus muid ag rith roimhe leis an seol tosaigh bumáilte amach againn. Ní amháin sin ach bhí an bád ag seoladh léi go huathoibríoch ar feadh cuid mhaith den am. Ar Dhún Bheagain i Loch Bheagain ar an Eilean Sgitheanach a bhí ár dtriall, cuan atá caol foscúil ina uachtar. Tá tácla grinnill nó múráil bhuan leagtha ag an óstán in nDún Bheagain le haghaidh na luamh a thagann ar cuairt. D’fheistíomar ansin agus chuaigh mé féin agus an scipéir ag snámh mar ba ghnách linn a dhéanamh ó thosaíomar ar an aistear. Bhí teocht an uisce thart ar 15 céim agus bhí goile maith agam tar éis an tsnámha. Chuaigh mé féin agus an scipéir ag siúl siar go Caisleán Dhún Bheagain, a bhaineann le tiarna talún de Chlann Mhic Leoid. Ar ndóigh bhí sé dúnta an t-am sin den lá. Bhí óstán beag ar an mbaile agus buidéil bhiotáille agus eile le feiceáil tríd an bhfuinneog ach nuair a theannamar leis tháinig bean chuig an doras agus dúirt nach raibh aon bheár ann. Trasna an bhóthair ansin chuig an óstán mór agus ba é an scéal céanna é – ní raibh fáilte romhainn san óstán ach d’fhéadfaimis dul síos go dtí an beár thíos. Bhí an áit ciúin go maith ach ní raibh sé ró-fhada sular thosaigh an comhrá le seanfhear mór láidir agus d’éirigh linn roinnt cainte a dhéanamh leis i nGaeilge. Iascaire a bhíodh ann agus thosaíomar ag cur ainmneacha ar éisc agus sliogéisc. Ní raibh aon obair inchurtha le hiascaireacht gliomach, dar leis. Fear den sloinne Mac Suain a bhí ann agus dúirt sé nach raibh aon duine den sloinne sin fanta sa cheantar ach go raibh na céadta díobh in iarthar na hAstráile. Ní raibh aon mheas aige ar Ghaidhlig Steornabhaigh – bhí an iomarca Béarla ann dar leis (Beannacht leat a bhí aige le slán a fhágáil ag duine agus rud éigin le “Cheerie” ann i Leodhas). Bhí sé cáinteach freisin faoin nGaidhlig a bhí in uachtar i Sabhal Mór Ostaig agus é gearánach faoin lear mór airgid a bhí ag dul go Steornabhagh. 

previous entrynext entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.