Ar Seachrán ó Thuaidh

N 58° 12' W 06° 23'

Domhnach in Inse Ghall

July 05, 2009

Agus muid ag seoladh ó dheas le cósta thoir Leodhais, rinne mé suntas de loime an tírdhreacha. Bhí sráidbhailte beaga suite os cionn na farraige anseo is ansiúd agus chuimhnigh mé ar an am deireanach a sheol mé leis an gcósta seo – 22 bliain ó shin agus muid ag seoladh abhaile as na Scigirí (Oileáin Fharó) i mBád Chanraí – An St. Patrick – an húicéar is cáiliúla ariamh b’fhéidir. Bhí mé le beirt a bhí ar bord inniu – an scipéir Paddy agus Ruairí. Nach iomaí cor a tháinig sa saol ó shin! Maidin Domhnaigh agus muid ag seoladh isteach i gcuan foscúil Steornabhaigh, “príomh-bhaile na n-Eileanan” agus fios againn nach mbeadh dada ar oscailt – ní cheadaíonn an reiligiún a bhfuil an lámh in uachtar aige do na daoine siopaí a oscailt ná busanna a thiomaínt fiú. [Sheol an bád farantóireachta den chéad uair ariamh Dé Domhnach an 19ú Iúil 2009, cé go raibh agóid ar siúl ina aghaidh].

An rud a chuir iontas orm go raibh na tithe tábhairne ar oscailt – thugamar cuairt orthu agus fonn comhluadair agus ceoil orainn. Ar deireadh shocraíomar ar thábhairne beag ar an dug. D’éirigh linn iachall a chur ar fhear a bhí ina shuí ag an gcabhantar a ghiotár a fháil agus amhráin a chasadh. Rinne an scipéir sin againne a chion féin agus bhuail sé an giotár le roinnt amhrán meidhreach. Béarla uile a bhí le cloisteáil ar dtús againn agus bhí daoine as Leodhas, Na hEaradh agus Barra ann. Ach d’éirigh linn Gaidhlig a tharraingt astu ar deireadh agus bhí sí ag a bhformhór ón gcliabhán. Dúirt fear Bharra linn nach raibh a leithéid d’oíche caite aige ar an mbaile ó tháinig sé ann coicíos roimhe sin.

previous entrynext entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.