Ar Seachrán ó Thuaidh

N 59° 03' W 03° 20'

Scara Brae

July 04, 2009

Bhí daoine lonnaithe in Inse Orc 5,550 bliain ó shin agus tá lorg lucht na tréimhse neoilití le feiceáil i Scara Brae. Chuamar ar cuairt ann agus rinneamar iontas de.

D’imíomar amach ar an bhfarraige ag 4 p.m. agus thugamar ár n-aghaidh siar i dtreo Inse Ghall. Bhí an fharraige an-chiúin agus gaoth anoir-aneas fórsa 1-2 agus ag 9 p.m. chonaic mé na deilfeanna (muca scabhairneacha?)seo ag teacht inár dtreo. Bhí cleachtadh maith agam ar an deilf choiteann agus ar an deilf bholgshrónach agus d’aithneoinn speicis eile (deilf Risso, an chráin dhubh, an píolótach) ach ní fhaca mé an cineál seo cheana. Is éard a bhí ann an deilf shocbhán (Lagenorhynchus albirostris).

previous entrynext entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.