Ar Seachrán ó Thuaidh

N 58° 57' W 03° 18'

Hamnavoe - Caladh Ciúin

July 03, 2009

D’imigh muid as Fair Isle ó dheas agus siar i dtreo Inse Orc. Tá an t-orc forleathan i logainmneacha in iarthuaisceart na hEorpa. Rinneamar ár mbealach idir na hoileáin éagsúla agus chasamar ó dheas le cósta thiar an “Mainland” mar a thugtar ar an bpríomhoileán. Bhí gaoth bhreá amach ón talamh againn agus muid ag seoladh le cósta. Is é Hamnavoe (a chiallaíonn caladh ciúin) a bhí ag na Lochlannaigh ar an mbaile a dtugtar Stromnesss anois air.  Cé go bhfuil an caladh ciúin, níl an sunda ó dheas de Ness, áit a mbíonn sruthanna fíochmhara, agus sin an bunús atá leis an bhfocal eile Lochlannach. Is focal Lochlannach ar cheann tíre é Ness agus tá sé coitianta i logainmneacha. Shroicheamar an calafort deireanach sa tráthnóna agus bhí muiríne luamh ann. Ar éigean a bhí an bád feistithe againn nuair a tháinig loingseoir Eireannach chugainn – Frank Savino as Baile Atha Cliath agus a pháirtí Ann – bhí luamh beag 26’ fágtha acu sa mhuiríne ar feadh an gheimhridh. Shocraíomar an mhaidin lárna mhárach a chaitheamh ar an oileán. 

previous entrynext entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.