Ar Seachrán ó Thuaidh

N 59° 32' W 01° 36'

Pócaí Folmha & Cloigne Tinne

July 02, 2009

Bhí oíche mhaith aréir againn – tá sé sin cinnte. D’imigh Ruairc agus Darach ar maidin go luath agus d’airigh mé uaim go mór iad – b’iontach an comhluadar a bhí iontu. Amach linn ar an bhfarraige ag 8 a.m. agus ár n-aghaidh ar Fair Isle ó dheas. Bhí ceo tiubh ar an bhfarraige agus gaoth lag anoir aneas ann. Níor thóg sé ró-fhada orainn an t-oileán a bhaint amach agus sruth na taoide linn. Is oileán sceirdiúil atá ann agus tá an leath thuaidh den oileán faoi smacht an National Trust for Scotland mar gur tearmann éan fíorthábhachtach atá ann. Bhí an áit beo le héin – forachain, puifíní, crosáin, fulmair, meirligh mhara (seabhaic chac faoileáin) agus iad ag faire a neadracha agus ag teacht agus ag imeacht le héisc bheaga mar bhia do na héin óga. B’éigean dom mé féin a chaitheamh ar an talamh roinnt uaireanta chun éalú ón meirleach mara agus é ag iarraidh mé a ionsaí ón aer. Chuamar ag siúl ar an oileán agus thángamar ar sheipéal a raibh gloine dhaite bhreá ann. Tá an séipéal á úsáid mar leabharlann don phobal chomh maith. Thart ar cheithre scór duine atá ina gcónaí ar an oileán agus creid é nó ná creid, is as Port Laoise an múinteoir bunscoile atá i mbun na scoile a bhfuil ochtar dalta ag freastal uirthi – fear den ainm Bracken.

previous entrynext entry

Comments

Please sign-in to post a comment.

If you are not yet registered please Register Now.